Introducing Réabhtacht, a new Irish-language club night that puts Gaeilge at the heart of the dancefloor.

Run by Irish speakers Peadar Breatnach and Pádraig Mac Brádaigh, the event aims to create a space where Dublin’s Irish-speaking community, and anyone curious about the language, can celebrate their culture through music, conversation, and craic.


English Version

Our vision is to make an immersive Irish language experience part of a club night in mainstream nightlife venues around the city. Our vision is to normalise the Irish language in mainstream Dublin nightlife culture and venues. Our events will feature solely electronic music and will give Irish-speaking DJs the opportunity and platform to actively contribute to the normalisation of the language by providing entertainment in spaces where it is not often heard.

We want people to consider Réabhtacht the same as they would an English first collective/club experience, with the only difference being the language. The Irish language social scene has developed significantly in recent years, with great events being held by groups such as Craobh 1916, Amhránaithe an Chlub, University Cumainn Ghaelacha and many more, and we look forward to contributing to this. 

The concept of Réabhtacht was conceived in late 2024 before the temporary closure of Club Chonradh na Gaeilge by two officers of the Trinity College Students’ Union, Pádraig Mac Brádaigh, former Oifigeach na Gaeilge, and Peadar Breatnach, former Entertainments Officer. This first event was a huge success, with the crowds who attended showing that there is a significant appetite for a night out atmosphere where people can have the craic in an Irish-language space. The same pair were inspired to continue the project and are excited to announce that they have partnered with Dublin City Council’s Cumasú + Impacte scheme to further develop the initiative into a completely public event in one of Dublin’s most vibrant live music venues. Feicfimid ag Réabhtact 001 thú.

Peadar Breatnach 
A DJ from Co. Mayo is currently studying at Trinity College Dublin. Half of P&A, a DJing duo that has played for collectives such as Reboot, Translucent and At.It crosses clubs in Dublin, Limerick and Galway. Founder and lead promoter of TKP Nights, a mid-week club night hosting up-and-coming student DJs. Served as full-time AMLCT/TCDSU Entertainments Officer for 2024/2025, hosting events of all sizes for a student population of 22,000.

Pádraig Mac Brádaigh
A language activist who currently serves as Leas-Uachtarán don Ghaeilge in AMLÉ, the national union of third-level students, and was the first full-time Oifigeach Gaeilge in AMLCT/TCDSU after coordinating the campaign to create the role. He won the Foras na Gaeilge Undergraduate of the Year Award in 2024 and has a keen interest in the field of language planning, particularly in education policy.

Irish Version

Is é an fhís atá againn ná tumeispéireas Gaeilge a bheith mar chuid d’oíche chlub i ngnáthionaid shaol na hoíche timpeall na cathrach. Is ceol leictreonach amháin a sheinnfear ag ár gcuid imeachtaí agus tabharfar deis agus ardán do DJanna a bhfuil Gaeilge acu cur go gníomhach le normalú na teanga trí shiamsaíocht a chur ar fáil i spásanna nach mbíonn sí le cloisteáil iontu go minic. 

Ba mhaith linn go smaoineofaí ar Réabhtacht mar a smaoineofaí ar aon chomharghrúpa/eispéireas club ina bhfuil an Béarla i réim, ach amháin an teanga a bheith éagsúil. Tá forbairt shuntasach tar éis teacht ar an saol sóisialta trí Ghaeilge le roinnt blianta anuas agus imeachtaí iontacha ar siúl ag grúpaí ar nós Chraobh 1916, Amhránaithe an Chlub, Cumainn Ghaelacha ollscoile agus tuilleadh nach iad agus táimid ag tnúth go mór le cur leis sin. 

Tháinig coincheap Réabhtacht ar an bhfód ag deireadh 2024 roimh dhúnadh sealadach Chlub Chonradh na Gaeilge ó bheirt oifigeach in Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide, Pádraig Mac Brádaigh, a bhí ina Oifigeach Gaeilge, agus Peadar Breatnach a bhí ina Oifigeach Siamsaíochta. Bhí rath ollmhór ar an gcéad imeacht seo, ar thaispeáin na sluaite a d’fhreastail air go bhfuil tarraingt mhór ar atmaisféar club oíche ina bhfuil daoine in ann an chraic a bheith acu i spás lán-Ghaeilge. Bhí an bheirt chéanna spreagtha leanúint leis an tionscadal agus tá siad ar bís a fhógairt go bhfuil siad ag obair in éineacht leis an scéim Cumasú + Impacte de chuid Chomhairle Cathrach BÁC le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an tionscnamh chun é a iompú ina imeacht poiblí i gceann de na hionaid cheoil bheo is bríomhaire i mBaile Átha Cliath. Feicfimid ag Réabhtact 001 thú.

DJ as Maigh Eo atá ina mhac léinn i gColáiste na Tríonóide. Leath de P&A, beirt DJanna atá tar éis seinm do chomharghrúpaí ar nós Reboot, Transluscent agus At.It i gclubanna i mBaile Átha Cliath, i Luimneach agus i nGaillimh. Bunaitheoir agus príomh-thionscnóir TKP Nights, oíche chlub lár seachtaine a óstálann DJanna mac léinn atá ag teacht chun cinn. D’oibrigh sé mar Oifigeach Siamsaíochta lánaimseartha AMLCT do 2024/2025, ag óstáil imeachtaí de gach méid do dhaonra mac léinn de 22,000.

Gníomhaí teanga atá ag obair faoi láthair mar Leas-Uachtarán don Ghaeilge ar AMLÉ, aontas náisiúnta na mac léinn tríú leibhéal, agus a bhí ar an gcéad Oifigeach Gaeilge lánaimseartha ar Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide tar éis dó feachtas reifrinn a reáchtáil chun an ról a chruthú. Ghnóthaigh sé Gradam Fhochéimí na Bliana de chuid Fhoras na Gaeilge in 2024 agus tá suim mhór aige i réimse na pleanála teanga, go háirithe sa bheartas oideachais.





No more articles

We use cookies to monitor usage on our site. Your information will never be shared! read more

The cookie settings on this website are set to "allow cookies" to give you the best browsing experience possible. If you continue to use this website without changing your cookie settings or you click "Accept" below then you are consenting to this.

Close